YouVersion Logo
Search Icon

Heṗesiánaċ 1

1
Caibidil I
Iarraiḋ Pól ar Ḋía, iad do ṫuigsin gur ṫoġa iad ná noiġre ar a Ġlóir.
1Pol, absdal Iósa Críosd tré ṫoil Dé, ċum na náoṁ ata an sa Neṗesus, agus ċum na druinge ċreideas a Niósa Críosd: 2Grása maille riḃ, agus sioṫċáin, ó Ḋía ar Naṫair, agus ón Dtiġearna Iosa Críosd.
3Glóir agus molaḋ do Ḋía, eaḋon Daṫair ar Dtiġearna Iósa Críosd, noċ do ḃeannuiḋ sinn lé gaċ uile ḃeannaċdaḋ sbioralta sna neíṫiḃ neaṁḋa a Gcríosd: 4Aṁuil do ṫóġ sé sinn annsan, sul do ċrúṫuiġeaḋ an dóṁan, ionnus go mbéimís náoṁṫa agus neiṁċiontaċ ḋá laṫairsion a ngráḋ: 5Agus do réiṁċinn sé ḋúinne ḃeiṫ aige féin a náit cloinne tré Iósa Críosd ar a ṡon féin, do réir ḋeaġḟuinn a ṫola féin, 6Ċum molta glóire a ġrás, tré a ndéarna sé sinne grásaṁuil an a Ṁac ġráḋaċ. 7Iona ḃfuil fuásglaḋ aguinn tré na ḟuil, (maiṫṁeaċas na boeacaḋ,) do réir ṡáiḋḃris a ġrássan: 8Tré ar lion sé ċuguinne a nuile eagna agus ṫuisge; 9Ag foillsiuġaḋ ḋúinne ruindíaṁair a ṫola, do réir ḋéaġḟuinn féin noċ do ċuir sé roiṁe ris féín: 10A miniosdralaċd ċoiṁlíonta na haimsire na huile neiṫe a Ccríosd, noċ atá ar neaṁ, agus ar talaṁ, do ċruiniuġaḋ a gceann a ċéile; annsan: 11Ann a ḃfuilmidne toġṫa, air ar réiṁċinneaḋ réir órduiġṫe an tí oibriġeas na huile neiṫer réir ċoṁairle a ṫola féin, noċ ann ata fós oiriġeaċd aguin: 12Ionnas go mbemísne lér tosuiġeaḋ dóiġ do ḃeiṫ aguinn a Gcríosd, ċum molta a ġlóiresion. 13Ann a ḃfuil ḃur ndóíġse mar an gcéudna, ar gclos bréiṫre na fírinne ḋíḃ, ṡoisgéil ḃur slánaiġṫe: trér cuireaḋ fós séula oruiḃ íar gcreideaṁ ḋáoiḃ, tré Sbiorad náoṁṫá na geallaṁna. 14Agár ab é is geall connarṫa dar noiġreaċdne go teaċd duinne a seilḃ ar sáoirsi, ċum moltá a ġlóiresion.
15Uíme sin, ar gclos dáṁsa mar an gcéudna an ċréidiṁ atá aguiḃse sa Dtíġearna Iósa, agus an ġráḋ do na huile náoṁuiḃ, 16Ní sguirim dá ḃeiṫ ag breiṫ ḃuíġeaċais ar ḃur son, ag coiṁniuġaḋ oruiḃ um urnuiġiḃ; 17Ionnus go dtíuḃraḋ Día ar Dtiġearna Iósa Críosd, Aṫair na glóire, Sbiorad éagna agus foillsiġe ḋáoiḃ ċum eision dadṁáil: 18Ag soillsiuġaḋ súl ḃur ccroiḋe; ċum a ḟeasa do ḃeiṫ aguiḃ créud í muiniġin a ġlóire a óiġreaċda sna náoṁuiḃ, 19Agus créd é roiṁéud a ċúṁaċd dár dtáoiḃne an dream ċreideas, do réir oibriuġaḋ a ṁóirneirt, 20Noċ do oibriġ sé a Gcríosd, an tan do ṫóg sé súas ó ṁarḃuiḋ, agus do ṡuiġiḋ sé é ar a ḋeis féin air neaṁ. 21Go hard ós cionn gaċ uile úaċdáranaċda, agus ċúṁaċd, agus neirt, agus ṫiġearnuis, agus gaċ uile anma dá nainmniġṫear, ní sa tsáoġalsa aṁáin, aċd mar an gcéudna sa tsáoġal atá ċum teaċda: 22Agus do ċuir sé na huile neiṫer síos fá na ċósuiḃ, agus tug sé na ċeann é ós cionn na nuile don neagluis, 23Noċ atá na corp aige, na cóiṁlíonaḋ ag an tí ċóiṁlíónas na huile sna huiliḃ.

Currently Selected:

Heṗesiánaċ 1: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in