Heṗesiánaċ 1:18-21
Heṗesiánaċ 1:18-21 BEDELLG
Ag soillsiuġaḋ súl ḃur ccroiḋe; ċum a ḟeasa do ḃeiṫ aguiḃ créud í muiniġin a ġlóire a óiġreaċda sna náoṁuiḃ, Agus créd é roiṁéud a ċúṁaċd dár dtáoiḃne an dream ċreideas, do réir oibriuġaḋ a ṁóirneirt, Noċ do oibriġ sé a Gcríosd, an tan do ṫóg sé súas ó ṁarḃuiḋ, agus do ṡuiġiḋ sé é ar a ḋeis féin air neaṁ. Go hard ós cionn gaċ uile úaċdáranaċda, agus ċúṁaċd, agus neirt, agus ṫiġearnuis, agus gaċ uile anma dá nainmniġṫear, ní sa tsáoġalsa aṁáin, aċd mar an gcéudna sa tsáoġal atá ċum teaċda





