Psalm 42
42
XLII Psalm.
1Mar thogras eilit srothán uisg,
Le buireadh ard go géur;
Mar sin ta m’anam tógbhail suas,
Ag éigh chúghadsa a Dhé.
2Ta tart air m’anam chum mo Dhia,
Mar gheall air Dhia ta beó;
Ca huair thiucfadh me do lathair,
An Tighearna mo ghlóir.
3Gach la a’s oidhche is iad mo dhéar,
Is cuibhrion damh ’s as biadh;
An uair deirid riom do ghnáth,
Ca bfuil anois do Dhia?
4Ta m’anam air na dhortadh amach,
A cuimniughadh gach nídh;
Oir chuaidh me leis an ccóimhthionól,
Dul léo go teampoll Dé.
Do chuaigh me léo le gairdeachas,
’Smholadhmuir fós le chéil;
Leis an ccuideachta sin do bhí,
Ag coimhead laéthe féil.
5O m’anam creud far leagadh thu,
Le buaidhreadh claonadh siós;
A’s creud fa bhfuil tu ttaobh a stigh,
Fa dhóruing a’s fa sgíos.
Cuir dóchas daingion ann do Dhia,
Oir feasda molfad é:
Air son fhurtacht agus a shláint,
’Thig chú’m on éadan réidh.
6Thuit m’anam ionam sios a Dhé,
Mar sin cuimhnighim ort;
O thalamh Iórdan, Hermon aird,
O Mhisar ard na ccnoc.
7Le fuaim do shruthán uisge féin,
Ta doimhne air dhoimhne ’gairm;
Do stuaidhe a’s do thonna ard,
Dul thor’m ata le toirm.
8Ordóchuidh Dia dá ghrásaibh dhamh,
A chaoimhneas annsa ló;
San óidhce ghnidhim guidh a’s céol,
Re Dia a chúm me beó.
9Mo charruig creud far thréigis me,
Re Dia a dhéirim féin;
Creud fa bhfuilim ag triall fa bhrón,
Tre fhóirneart m’eascar tréun.
10Mar lann am chnamhuibh m’eascairde,
Tabhairt oilbheim dhamh ta;
Trath deir siad riom go fonóideach,
Cá bhfuil do Dhia gach lá?
11O m’anam creud fár leagadh thu,
Le brón ag claonadh sios?
A’s creud a bhfuil tu ttaob a stigh,
Fuidh aithmhéal a’s fuidh sgíth.
Cuir dóchus daingion ann do Dhia,
Oir molfad e do ghnáth;
Oir is se is sláinte dom’ ghnuis,
Is se mo Dhia go bráth.
Currently Selected:
Psalm 42: PSA1836
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836