YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 41

41
XLI Psalm.
1Is beannuidhe an duine bheir go glic,
Fa ndear an duine bocht;
Trath bhidhean se a mbuáreadh ghéar,
Bheir Dia e saor ó’n olc.
2Ghnidh Dia a dhi’on sa chuimhdeach beó,
Is beannuidhe é san tír;
Do mhian a naimid mirúnach,
Na tabhair e go síor.
3Air leabuidh thinnis iarganuigh,
Bheir Dia dho neart a’s treóir;
A leaba ghnídh tu dho air fad,
A nam a theinnis mhóir.
4Dubhairt me, déun trócaire orm,
A Thíghearna a’s a Dhé;
A’s léighis m’anam eáslan bocht,
Oir d’aghuidh a pheacuidh mé.
5Tán dream‐soin uile is namhuid damh,
Ag labhairt orm le béim;
Ca huair a scriosfar n’ainmsin as,
A’s rachas se don éug.
6Ma thigse m’amharc labhruigh se,
Caint diomhaoineach gan chéill;
Ta a chroidhe ag cruiniugh nimh astígh,
Sa muith a ghnidhse sgéul.
7Sior‐chogruid a ccluais le a cheil’
Lucht m’fuath ataid air fad;
Ag smuainiughadh sa cumadh locht,
A m’aghuidh fein gan stad.
8Droch‐thinneas (deir siad) ta go dlúth,
A leanmhuin go daingean ris;
Air mbeith do ’nis, na luigh go tinn,
Ni éireóchuigh se arís.
9An fear ba charuid dhilís dhamh,
D’air dhoighios gach nidh b’ail;
Agus d’ith m’arán air mo bhord,
A’m’ aghuidh thóg se ’shál.
10Acht tusa Dhia, deun trócáre orm,
A’s tóg me rís go hárd;
Do chum go dtabhuirfin luaigheacht doibh,
A’s cumann ceart gan dáil.
11Thrid so is fiosrach me go beacht,
Gur b’ionmhuin leatsa me;
Air son nach ttug mo namhuid buaidh,
’S nach ndearnadh leó mo chlaoidh.
12Acht mise an mo ionrachus,
’S tu sheasais me do gnáth;
A bhfiaghnuise fós do ghnuis a Dhé,
Dom shocrughadh go bráth.
13Iehobha Dia do chloinn Israél,
Beannuidhe go raibh se féin;
O aois go haois go suthain síor,
Amen agus Amen.

Currently Selected:

Psalm 41: PSA1836

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in