YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 40

40
XL Psalm.
1D’feith me le foighid mhaith re Dia,
Chrom chugam ’s d’éist mo ghuth;
2A’s thug se ó lucht uamhain mé,
A’s lathach criadha tiugh.
Air charruig chómhárd chuir mo chos,
Mo chéimne shocruigh sé;
3A’s abhran nuadh chuir ann mo bhéul,
Chum moladh binn ár nDé.
Chifid móran a’s fó eagla beid,
A’s earbuigh siad a nDia;
4Is beannuidhe an duine sin go dearbh,
Chuireas a dhoigh san Triath.
A’s nar ghabh tlacht na toil air bith,
Do luchd a nuabhuir mhóir;
No fós don dream a théid a ttaobh,
Chum ceilg, le saobhadh glóir.
5Is lionmhar th’oibre iongantach,
A Thíghearna a’s a Dhé;
Do smúaintidhe ni airmhea’r iad linn,
A nordughadh dhuit go réidh.
Da gcuirfinn iad a ccéill go mín,
No fós dá ninnsinn iad;
A náreamh rachadh thair mo neart,
Aig lionmhaireacht a méud.
6Ofráil ni mian na iodhbairt leat,
Do fhosgail tu mo chluas;
Lucht iodhbartha coir ’s iobárt loisg,
Nior iarr tu dhuit chur suas.
7Ann sin a dubhairt mise féuch,
A nois ta me ag teacht;
A cceann an leabhair ormsa fós,
Sud sgríobhtha ta go beacht.
8Se súd mo thlacht ’s mo mhian a Dhé,
Do thoil a dhéanamh leam;
Do reacht go dearbh ata go buan,
A’m’ chroidhe a stigh ’s am chúm.
9Air th’fíréantacht san dtional mhór,
A Dhe rinneas soisgéul;
Oir féuch, a Dhé mar is aithne dhuit,
Nior choisg me féin mo bhéul.
10A’m’ chroidhé th’fíréuntacht nior cheil,
Ach d’fírinn chuir me gcéill;
Do shláinté a’s do chaoimhneas caoimh,
Ó’n tsluagh nior cheil me féin.
11Do thrócáre caoimh na coingimh‐si uaim,
A Thigheaarna go bráth;
Do chaoimhneas grádhac, th’firinn fós,
Dom choimhead féin do ghnáth.
12Oir is doairmhe iad na huile,
Ta’g iadhadh orm fá ccuárt;
Do ghlac mo pheacuidhe me go teann,
’S ní fhéudaim amharc suas.
Oir ’s lionmháre iad na folt mo chinn,
A’s thréig mo chroidhe‐si me;
13Dhia go ma toil leat furtacht orm,
Grad‐chuidigh leam a Dhé.
14Biodh náire a’s buáreadh dhoibh maraon,
Do m’anamh iarras claoidh;
Ruaig orra air ais, las a ngruaidh,
Le’r bh’áill mo chur a ndíth.
15Gan áird gan áitreabh go raibh siad,
Mar thuarasdal da náir’;
A dubhárt leam go fanoideach,
A ha, a ha, le gáir.
16Luathgháir a’s aoibhneas aig gach neach,
Dod iárruigh fein a ta;
A’s abradh siad dar ghradh do shláint,
Dia go ma mor a ghnath.
17Ach mise gidh taim anbhfan bocht,
Smuainfigh orm an Triath;
M’fear cabhrach thu ’s mo shlanuightheor,
Muilliúgh’ na dean a Dhia.

Currently Selected:

Psalm 40: PSA1836

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in