Psalm 39
39
XXXIX Psalm.
1Dubhras, bheara me féin fa ndear,
Mo shlighe, a’s ghnidhim fós;
Mo theanga choimhead mar re srian,
Air mbeith don daoidh am’ chóir.
2D’fan me go tochtach balbh a’m’ thamh,
O’n nidh sin féin budh mhaith;
Mhosguil mo bhuáreadh a’s mo bhrón,
Ionnam go mór a stigh.
3Air mbeith dhamh smuaineadh tric marso,
Do ghabh mo chroidhse teas;
Do las an teine a’s mar so,
Lem’ theanga labh’ras preas.
4Tabhair fios a Dhe air mo chrích,
Tomhais mo laethe air fad;
Go bhfuighinn eólus agus fios,
Ca ham do bheith mo shlad.
5Mar leathad boise ta mo ré,
Mar neimhnidh agad m’áois;
Gach neach da fheabhas ta go fíor;
’Na dhiomhaoineas gan mheas.
6Na iomhaigh fhaoin gach duine fós,
A siubhal ata go dearbh;
Gan suaimhneas fos, da mbuáreadh féin,
A ndiomhaoineas gan tairbh.
Carnadh neithe ’s da ccur le chéil’,
Le mor‐shaint an ’sgach ló;
Gan fhios cí’n toighre chruinnighios,
No chaithios e fa dheóigh.
7Cread leis a bhfeithim fein a Dhia,
Mo dhóchas duit a ghnidhim;
8Saor me o m’uile locht ’s na déan,
Ball maguidh na ndaoin diom.
9D’fan me a’m’ tocht gan fosgladh béil,
Oir leatsa rinneadh é;
10Tóg dhiom do bhuille Dhe, le béim
Do laimhe claoidheadh mé.
11Trath smachtaighis tu an duine claon,
Mur chnuimh theid as a snuadh;
Go deimhin féin is diomhaoineas,
Gach duil air bith don tsluagh.
12Dhia eist rém’ urnuigh a’s rem’ ghlaoidh,
Rem’ dheór, a’d’ thost na bí;
Oir is coigreach agad a’s fear‐cuárt,
Mar m’aithre uile mí.
13Dhia coigil agus caoimhin mé,
Go bfhághuim neart aith‐bheó’;
Sul rachfain as a dul don éag,
’S nach mbeinse ann nis mo.
Currently Selected:
Psalm 39: PSA1836
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836