Títeas 3:4-7
Títeas 3:4-7 ABN2012
Ach nuair a nochtadh cineáltas Dé, ár Slánaitheoir, agus a ghrá don chine daonna, shaor sé sinn. Agus ní de bharr aon dea-oibreacha fíréantachta a bheith déanta againne é ach as ucht a thrócaire féin. Shaor sé sinn trí fhothragadh na hathghiniúna agus trínár n-ath-nuachan ag an Spiorad Naomh. Dháil sé an Spiorad orainn go fras trí Íosa Críost, ár Slánaitheoir chun go bhfíréanófaí sinn lena ghrásta agus go mbeimis inár n-oidhrí aige agus súil againn leis an mbeatha shíoraí.






