YouVersion Logo
Search Icon

Salm 51

51
Aithrí agus Croíbhrú an Pheacaigh
1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví, 2an uair a tháinig Nátán fáidh chuige tar éis do [Dháiví] peaca a dhéanamh le Baitseaba.
3Déan trócaire orm, a Dhia, de réir do bhuan-ghrá:
cealaigh mo choir as iomad do thrua.
4Nigh go huile mé ó mo chion,
agus déan mo pheaca a ghlanadh díom.
5Óir aithním mo chionta go maith
agus tá mo pheaca os mo chomhair i gcónaí.
6Is ort-sa amháin a pheacaigh mé;
an ní is olc i do láthair a rinne mé.
Ionas go mba léir gur ceart é do bhreith
agus go dtugann tú breithiúnas gan locht.
7Ach féach gur rugadh faoi chion mé
agus gur gineadh i mbroinn mo mháthar faoi pheaca mé.
8Féach, is geal leat an croí dílis,
agus i mo lár istigh múineann tú eagna dom.
9Croith orm hiosóip agus glanfar mé;
nigh mé agus is gile mé ná an sneachta.
10Lig dom an gairdeas agus an t‑áthas a chloisteáil,
agus beidh lúcháir ar na cnámha a bhrúigh tú.
11Iompaigh do ghnúis ó mo pheacaí
agus cealaigh mo chionta go léir.
12Cruthaigh ionam croí glan, a Dhia,
agus cruthaigh spiorad daingean as an nua ionam.
13Ná díbir amach as do radharc mé
agus ná beir do naomhspiorad uaim.
14Tabhair ar ais dom áthas do shlánaithe
agus tabhair spiorad na díograise mar thaca dom.
15Múinfidh mé do shlite do lucht na hurchóide
agus fillfidh na peacaigh ar ais chugat.
16Saor mé ó choir na fola,
a Dhia, a Dhia mo shlánaitheoir,
agus mórfaidh mé le mo theanga do cheartas.
17A Thiarna, oscail mo bheola,
agus fógróidh mo bhéal do mholadh.
18Óir ní bhfaigheann tú taitneamh in íobairt
agus an loiscíobairt a dhéanfainn ní ghlacfá.
19Mʼíobairtse, a Dhia, an croí aithríoch;
ní eiteoidh tú, a Dhia, croí brúite uiríseal.
20Bí fial le Síón, as ucht do mhaitheasa, a Thiarna,
ionas go dtógfaí ballaí Iarúsailéim as an nua.
21Glacfaidh tú ansin le híobairtí na fíréantachta,
le hofrálacha agus le híobairtí uile-loiscthe:
ansin ofrálfar mairt chugat ar dʼaltóir.

Currently Selected:

Salm 51: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in