2 Corantaigh 1
1
Beannú
1Mise Pól, aspal le hÍosa Críost de dheonú Dé, agus an bráthair Tiomóid. Beannaímid dʼeaglais Dé sa Choraint agus dá bhfuil de naoimh san Acháia ar fad. 2Grásta agus síocháin chugaibh ó Dhia an tAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.
Buíochas le Dia
3Moladh le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, le hAthair gach trócaire agus le Dia an tsóláis uile. 4Is é a thugann sólás dúinne cibé anacair a bheireann orainn, i dtreo go mbímid i riocht sólás a thabhairt do dhaoine eile a bhíonn in aon anacair leis an sólás lena bhfaighimid féin sólás ó Dhia. 5Óir má fhaighimid flúirse de pheannaidí Chríost, faighimid flúirse sóláis ó Chríost chomh maith céanna. 6Nuair a bhímid dár gcrá, is ar mhaithe le sólás agus slánú a bhuachan daoibhse é; agus nuair a fhaighimid sólás is geall le sólás daoibhse freisin é, mar go gcuireann sé ar bhur gcumas cur suas go foighneach leis na peannaidí céanna a bhíonn ag cur orainn féin. 7Agus tá bonn maith lenár ndóchas asaibh, de bhrí go dtuigimid, ó tá sibh páirteach inár bpianta, go mbeidh sibh i bpáirt linn sa sólás chomh maith.
8Níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh sibh dall ar an anró a rug orainn san Áise; bhíomar cloíte chomh mór sin thar ár gcumas go rabhamar i ndeireadh na feide. 9Bhraitheamar gurbh í breith an bháis a bhí tugtha orainn, rud a mhúin dúinn gan bheith ag brath orainn féin ach ar an Dia a thógann na mairbh. 10Eisean a thug saor ó bhéala an bháis sinn agus is é a thabharfaidh saor sinn feasta. Is air sin atá ár seasamh go dtabharfaidh sé slán sinn amach anseo 11ach sibh-se a theacht i gcabhair orainn le hurnaithe. Sa tslí sin, ní beag a bheidh ag gabháil buíochais thar ár gceann as an aisce a bhronnfaidh sé orainn ar impí mhóráin.
An Turas go dtí an Choraint Curtha ar Athlá ag Pól
12Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n-iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libh-se; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé. 13Ní chuirimid aon ní síos inár litreacha chugaibh thar an méid a léann sibh iontu nó a thuigeann sibh astu. 14Agus tá súil agam go dtuigfidh sibh go hiomlán ar ball an ní a thuigeann sibh go pointe áirithe anois, is é sin, go bhféadfaidh sibh a bheith chomh mórálach céanna asainn lá an Tiarna Íosa agus a bheimidne asaibhse.
15Bhí mé chomh cinnte de sin gur bheartaigh mé ar dtús dul chugaibh ar cuairt agus comaoin dhúbailte a chur oraibh 16is é sin le rá, dul bhur mbealachsa chun na Macadóine agus teacht chugaibh athuair ar mo bhealach ar ais ón Macadóin, agus sibh-se mé a thionlacan faoi dhéin Iúdáia. 17An raibh aon ghuagacht orm agus mé ag cinneadh air seo? Nó, an cúrsa a leagaim amach dom féin, an de réir mheon an tsaoil a leagaim amach é i dtreo go mbíonn ‘sea’ ina ‘ní hea’ agam? 18Dar Dia dílis ní raibh aon ‘sea’ agus ‘ní hea’ inár dteachtaireacht chugaibhse. 19Íosa Críost, Mac Dé, atá fógartha in bhur measc againn–agam féin, ag Silveánas agus ag Tiomóid–ní raibh aon ‘sea’ agus ‘ní hea’ ann siúd; ní raibh ann ach an ‘sea,’ 20mar is é an ‘sea’ scoir é ar a bhfuil geallta ag Dia. Sin é an fáth freisin gur trídsean a deirimid ár ‘nÁiméan’ chun glóire Dé. 21Mar is é Dia a dhaingníonn sinne agus sibh-se araon i gCríost; is é a dʼung sinn 22agus a bhuail a stampa orainn agus a chuir geall an Spioraid inár gcroí.
23Dearbhaím daoibh ar mʼanam i bhfianaise Dé gur dʼfhonn gan goilliúint oraibh a dʼfhan mé gan teacht go dtí an Choraint go fóill. 24Ní ag rialúchán ar bhur gcreideamh atáimid, mar tá sibh suite seasmhach sa chreideamh mar atá; ní hea, ach ag cabhrú libh chun a bheith sonasach.
Currently Selected:
2 Corantaigh 1: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

: