1
Galátaigh 6:9
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
OC1970
Agus ná cluintear cloíteacht orainn ag déanamh dea-ghníomhartha, mar bainfimid an fómhar in am agus i dtráth, mura gcaillimid ár misneach.
Compare
Explore Galátaigh 6:9
2
Galátaigh 6:10
Mar sin de, beirimis ar an bhfaill leis an dea-rud a dhéanamh a théas chun sochar na ndaoine uile, go háirithe sochar lucht aontí an chreidimh.
Explore Galátaigh 6:10
3
Galátaigh 6:2
Iompraígí tromualaí a chéile, ós amhlaidh a chomh-líonfaidh sibh dlí Chríost.
Explore Galátaigh 6:2
4
Galátaigh 6:7
Ná bíodh breall oraibh; ná síligí gur féidir magadh a dhéanamh faoi Dhia, ná a rá nach mbainfidh duine de réir mar a chaitheas sé síol.
Explore Galátaigh 6:7
5
Galátaigh 6:8
Mar an té a chuireas a shíol mar mhaithe le sáile a cholainne bainfidh sé an lofacht a thagann ón gcolainn; ach an té a chuireas a shíol mar mhaithe leis an Spiorad, bainfidh sé an bheatha shíoraí a thagas ón Spiorad.
Explore Galátaigh 6:8
6
Galátaigh 6:1
A Bhráithre, má bheirtear ar dhuine ar bith i gcoir ar bith, tógaigí an duine sin ar a bhoinn arís, an méid agaibh atá spioradálta, i sprid na cneastachta. Agus seachain thú féin ar eagla go gcuirfí cathú ort freisin.
Explore Galátaigh 6:1
7
Galátaigh 6:3-5
Mar an duine a dhéanas mór is fiú nuair nach fiú ach neamhní é, bíonn sé ag cur dalla-mullóige air féin. Ach scrúdaíodh gach duine a shaothar féin, ionas go n-altaí sé leis féin é gan baint den chomharsa. Mar caithfidh gach duine a ualach féin a iompar.
Explore Galátaigh 6:3-5