1
Marcus 10:45
An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)
Bedell
Oír ní tháinic Mac an duine ionnas go ndéantuigh seirbhís dó, achd do dhéanamh seirbhísi, agus do thabhairt a anma féin mar éiric ar son mhórain.
Compare
Explore Marcus 10:45
2
Marcus 10:27
Agus ar bhféuchuin Díosa orrtha a dubhairt sé, Ní bhfuil so air chumas do dháoinibh, achd a tá sé ar chumas do Dhía: óir a táid na huile neithe soidhéunta do Dhía.
Explore Marcus 10:27
3
Marcus 10:52
Agus a dubhairt Iósa ris, Imthigh; do shlánuigh do chreideamh thú. Agus ar an mball fuair sé a radharc, agus do lean sé Iósa sa tslighe.
Explore Marcus 10:52
4
Marcus 10:9
Ar a nadhbharsin gidh bé ní do cheangail Día ré chéile, na sgáoileadh duine é.
Explore Marcus 10:9
5
Marcus 10:21
Achd ar bhféuchain Díosa air, tug sé gradh dhó, agus a dubhairt sé ris, A tá én ní duireasbhuidh ort: imthigh, reac a bhfuil agad, agus tabhair do na bochdaibh, agus do ghéubha tú cisde ar neamh: agus tárr, tóg do chros, agus lean misi.
Explore Marcus 10:21
6
Marcus 10:51
Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris, Créud is mían leachd misi do dhéunamh dhuit? Achd a dubhairt an dall ris, A mhaighisdir, mo radharc aiseag dhamh.
Explore Marcus 10:51
7
Marcus 10:43
Achd cheana ní mar sin bhías sé eadruibhsi: achd gidh bé lé nab mian bheith na dhuine mhór bhur meásgsa, bíaidh sé na óglach aguibh.
Explore Marcus 10:43
8
Marcus 10:15
A deirim ribh go fírinneach, gidh bé nach géubha rioghachd Dé chuige mar leanabh, nach racha sé a sdeach go brath innti.
Explore Marcus 10:15
9
Marcus 10:31
Achd a táid móran ar tus bhías fá dheireadh; agus ar deireadh bhias ar tús.
Explore Marcus 10:31
10
Marcus 10:6-8
Gidheadh ó thósach an chruthaighthe fear agus bean do rinne Día íad. Ar a nadhbharsin fúicfidh neach a athair agus a mhathair, agus ceangalfuigh sé dha mhnaoi; Agus béid a ráon na náoin fhéoil: ionnas nach días íad as sin a mach, achd éin fhéoil amháin.
Explore Marcus 10:6-8