In airde libh ar na cnoic! Beirigí adhmad libh ar ais! Atógaigí an Teampall! Bainfidh mé taitneamh as ansin agus taispeánfaidh mé mo ghlóir ann, a deir an Tiarna. Bhí sibh ag súil le mórán, ach is amhlaidh nach bhfuair sibh ach an beagán; nuair a thug sibh an fómhar isteach shéid mise air. Cén fáth sin, a deir Tiarna na Slua? De bhrí go bhfuil mo theachsa ina fhothrach fad a bhíonn gach uile dhuine agaibhse ag déanamh cúraim dá theach féin.