Thug an Tiarna freagra orm ansin, á rá:
“Scríobh síos an fhís;
déan í a ghreanadh ar leaca
ionas go mbeidh sé furasta í a léamh.
Óir is le haghaidh a hionú féin amháin
a tugadh an fhís seo;
tá sí ag tnúthán lena comhlíonadh
agus ní dhéanfaidh sí bréag.
Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi;
mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte;
ní theipfidh uirthi choíche.